Tancaer (long)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Soitheach atá deartha chun leachtanna, ola amh ina measc, a iompar in umair iata, ar cuid de chabhail na loinge iad. Is é an t-olatancaer, an Jahre Viking, cláraithe san Iorua, an tancaer is mó ar Domhan anois, agus an long is mó a togádh riamh. 260,851 tonna meáchain atá sa long féin, agus is féidir 564,739 tonna ola is eile a iompar uirthi.