Tacar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa mhatamaitic, rang dea-shainmhínithe eilimintí, is é sin, rang ar féidir a rá go cinnte an ball den rang aon eilimint ar leith nó nach ea. Mar shampla, is tacar iad na ré-uimhreacha, mar is ré-uimhir nó corruimhir gach uimhir. Mar mhalairt, ní féidir tacar a thabhairt ar na huimhreacha móra uile, mar ní cinnte cad is brí le ‘mór’. Is tacar é an tacar folamh nach bhfuil aon eilimint ann. Tá gach uile eilimint sa tacar uilíoch. Is é comhlánú an tacair A an tacar A´, ina bhfuil na heilimintí uile nach bhfuil in A. Tugtar trasnú dhá thacar A is B ar thacar na n-eilimintí uile atá ina mbaill de A is B. Tugtar aontú dhá thacar A is B ar thacar na n-eilimintí uile atá ina mbaill de A nó de B nó den dá cheann.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tacar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 637.