Stát na Palaistíne
Stát na Palaistíne | |||||
---|---|---|---|---|---|
دولة فلسطين (ar) | |||||
|
|||||
Aintiún | Fida'i | ||||
Ainmnithe in ómós | an Phalaistín | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Iarúsailéim agus Ramallah | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 5,227,193 (2021) | ||||
• Dlús | 868.3 hab./km² | ||||
Déamainm | Palaistíneach | ||||
Teanga oifigiúil | an Araibis | ||||
Reiligiún | Ioslam agus an Chríostaíocht | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Meánoirthear an Leiveaint an Áise an Phalaistín Iarthar na hÁise Israel and The Occupied Territories (en) | ||||
Achar dromchla | 6,020 km² | ||||
• Uisce | 1.4 % | ||||
Imeallbhord | 42 km agus 40 km | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an Mheánmhuir, an Mhuir Mharbh agus Abhainn na hIordáine | ||||
Pointe is airde | Mount Nabi Yunis (en) (1,020 m) | ||||
Pointe is ísle | an Mhuir Mharbh (−437 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Údarás Náisiúnta na Palaistíne | ||||
Bunaitheoir(í) | Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne | ||||
Cruthú | 15 Samhain 1988: (Forógra Saoirse na Palaistíne) | ||||
Saoire phoiblí | Eid al-Fitr (2 Shawwal (en) ) Eid al-Adha (10 Dhu al-Hijjah (en) ) Islamic New Year (en) (1 Muharram (en) ) Mawlid (en) (12 Rabi' al-awwal (en) ) Isra and Mi'raj (en) (27 Rajab (en) ) Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe (1 Bealtaine) Lá Idirnáisiúnta na mBan (8 Márta) | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht pharlaiminteach | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Údarás Náisiúnta na Palaistíne | ||||
Comhlacht reachtach | Palestinian Legislative Council (en) | ||||
• Príomh-Aire Stát na Palaistíne | Mohammad Shtayyeh (2019–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Comhairle Uachtarach Bhreithiúnach na Palaistíne | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 18,109,000,000 $ (2021) | ||||
Airgeadra | seiceal nua | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ps | ||||
Glaochód | +970 | ||||
Cód tíre | PS | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | president.ps |
Is Stát de jure[1] sa Mheán-Oirthear é an Phalaistín (Araibis: دولة فلسطين Dawlat Filasṭīn).[2] Tá críocha na bPalaistíneach faoi smacht Iosrael faoi láthair agus Próta-stát nó breacstát ar an Stát uaireanta.[3]
Tá na críocha sin dealaithe óna chéile chomh maith, agus ag feidhmiú astu féin ar éigean ó locadh Palaistínigh iontu ar an gcéad dul síos.[3] Cuimsíonn an Phalaistín críocha na bPalaistíneach sa Bhruach Thiar agus in Gaza atá dealaithe óna chéile agus a bhfuil forlámhas ag Iosrael orthu ó 1967. Tá Iarúsailéim Thoir na bPalaistíneach faoi smacht na nIosraelach ó shin freisin.[4] Dhearbhaigh Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne a neamhspleáchas ar an 15 Samhain 1988 i gCathair na hAilgéire.[5][6]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]'Cosantóireacht' ab ea an Phalaistín, faoi smacht na Breataine ón 1920 ar aghaidh. Ach ar 2 Samhain 1917 fógraíodh an "Balfour Declaration": Tugadh ''Sainordú na Breataine sa Phalaistín'[7] ar an tír san am sin.
Bhí claonadh ann i bhfabhar na nGiúdach. D'fhógair Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Arthur Balfour, go mbunófaí stát Giúdach sa Phalaistín fiú.
Sna blianta 1945-1947, tháinig méadú ar inimirce na nGiúdach go dtí an Phalaistín, agus bhí go leor conspóide faoin inimirce sin. Bhí feachtas sceimhlitheoireachta, nó treallchogaíocht, ar siúl sna 1940idí. Bhí na Giúdaigh ag iarraidh críochdheighilt a chur i bhfeidhm agus stát Giúdach a bhunú.
I dtús 1947, d'fhógair Ernest Bevin (Aire Gnóthaí Eachtracha na Breataine) go mbeadh an Ríocht Aontaithe tarraing amach na trúpaí Briotanacha sa Phalaistín.[8] I mí Feabhra 1947, sheol Bevin an fhadhb (críochdheighilt na Palaistíne) chun na Náisiúin Aontaithe.
Náisiún Aontaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 29 Samhain 1947, ghlac na Náisiún Aontaithe le Rún 181(II) maidir le críochdheighilt na Palaistíne. Ach níor ghlac na hArabaigh sa Phalaistín agus sa Mheán-Oirthear le réiteach na Náisiún Aontaithe. Bhris cogadh cathartha amach go gairid ina dhiaidh.
Ar an 14 Bealtaine 1948, tháinig deireadh le húdarás na Breataine an Phalaistín a rialú agus tháinig Stát Iosrael ar an saol. Thosaigh an Cogadh Arab-Iosraelach (1948) an lá dár gcionn.[9][10]
Stádas breathnóra atá ag bPalaistín sna Náisiúin Aontaithe faoi láthair. Ar an 10 Bealtaine 2024, vótáil Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i bhfabhar iarratas ón bPalaistín maidir le ballraíocht iomlán a bheith ag an tír sna Náisúin Aontaithe (vótáil naoi dtír ina aghaidh – na Stáit Aontaithe agus Iosrael ina measc – agus staon 25 tír eile).[11] Dá dtabharfaí ballraíocht iomlán don tír lá amháin, b'ionann é agus aitheantas oifigiúil idirnáisiúnta mar stát.[12]
An Phalaistín agus Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'aithin Éire an Phalaistín mar stát go foirmiúil ar an 28 Bealtaine 2024. Ag an am, dúirt an Taoiseach Simon Harris dúirt go gcaithfeadh an dá stát a bheith ann – Iosrael agus an Phalaistín – le go mbeadh aon dóchas ann go gcuirfí deireadh leis an bhforéigean idirghlúineach.[13]
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is tír sa Leibheaint í an Phalaistín.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Sainordú na Breataine sa Phalaistín
- An Phalaistín
- Buamáil Óstáin Rí Daithí, 1946
- Réiteach na Náisiúin Aontaithe ar cheist na Palaistíne, 1947
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "De jure" (as en) (2022-09-02). Wikipedia.
- ↑ Charbonneau, Louis (29 November 2012). "Palestinians win implicit U.N. recognition of sovereign state". Reuters. Thomson Reuters. Archived from the original on 5 June 2014. Retrieved 17 Eanáir 2015.
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2024-05-27). "Iosrael cáinte as 'ionsaí barbartha' a dhéanamh ar ionad teifeach" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-05-22). "Éire le stát na Palaistíne a aithint go foirmiúil ón 28 Bealtaine" (as ga-IE).
- ↑ "Palestinian Authority applies for full UN membership". United Nations Radio. 23 September 2011. Retrieved 8 June 2014.
- ↑ United Nations (2012). "[https://www.un.org/ga/search/view_doc.asp?symbol=A/67/L.28 Reaffirms the right of the Palestinian people to self-determination and to independence in their State of Palestine on the Palestinian territory occupied since 1967]". www.un.org. Dáta rochtana: 2020-08-07.
- ↑ "Mandate for Palestine" (as en) (2021-10-24). Wikipedia.
- ↑ Ardtesitméireacht - Gnáthléibheal - Stair (2006). "Cúlú na hEorpa ó impireachtaí agus an toradh, 1945-1990". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "1947–1949 Palestine war" (as en) (2021-11-13). Wikipedia.
- ↑ "1948 Arab–Israeli War" (as en) (2020-11-28). Wikipedia.
- ↑ Ceadaíonn Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ballraíocht san eagraíocht dhomhanda.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-05-10). "Bua suntasach ag an bPalaistín sna Náisiúin Aontaithe" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-05-22). "Éire le stát na Palaistíne a aithint go foirmiúil ón 28 Bealtaine" (as ga-IE).