Abhainn na hIordáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Abhainn na hIordáine.

Is abhainn í an Iordáin (Eabhrais: נהר הירדן nehar hayarden, Araibis: نهر الأردن‎ nahr al-urdun) atá suite in Iardheisceart na hÁise agus a ritheann isteach sa Mhuir Mharbh. Tá sí 251 ciliméadar (156 míle) ar fhad. Sníonn an abhainn ar an dteorainn idir Iosrael agus Ríocht na hIordáine, agus trí Mhuir na Gailíle. Meastar go bhfuil sí ar cheann de na haibhneacha is naofa ar domhain.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.