Stáisiún Traenach Bhaile Samhraidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Stáisiún Traenach Bhaile Samhraidh
Íomhá
Sonraí
CineálStáisiún traenach
Foirgníocht1993 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla1993 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinSiorrachd Dhún Bhreatainn an Ear, Scotland
SuíomhBaile Samhraidh
Map
 55°53′56″N 4°17′32″W / 55.8988°N 4.2921°W / 55.8988; -4.2921
Gníomhaíocht
OibreoirRèile na h-Alba agus Kelvin Valley Railway (en) Aistrigh

Is stáisiún traenach a fhreastalaíonn ar Bhaile Samhraidh i nGlaschú, Albain atá i Stáisiún Traenach Bhaile Samhraidh. Tá sé suite ar Líne Chnoc Mhoire, 4.5 míle (7km) siar ó thuaidh ó Stáisiún Shráid na Banríona. Soláthraíonn Abellio ScotRail séirbhísí thar ceann Chomhpháirtíocht Iompair Shrath Chluaidh .

Bhí bunstáisiún Bhaile Samhraidh (a dúnadh i 1951)[1] suite timpeall 1.5 míle (2.5km) ó thuaidh ón stáisiún reatha ar Iarnróid Ghleann Cheilbhinn, atá as feidhm agus díchóimeáilte, idir Chnoc Mhoire agus Cill Saidhe ; tá an stáisiún reatha ar cheann de chúig cinn a thóg British Rail ar Líne Chnoc Mhoire mar chuid de thionscadal Líne Chnoc Mhoire i 1993.

Tá an líne ar a sheasann sé i bhfad níos sine, áfach. D'fhoscail sé á i 1858 mar chuid d'Iarnród Ghlaschú, Dùn Breatann agus Baile Eilidh agus bhain Rathad Iarainn nan Eilean úsáid as le hArdleibhéal Stáisiún Shráid na Banríona agus iar-phríomhlíne de chuid Iarnróid Dhún Éideann agus Ghlaschú a bhaint amach. Cuireadh deireadh le seirbhísí ag Chnoic Mhoire nuair a fosclaíodh an líne den chéad uair, ach leathnaíodh go Fearann Anna i 2005 iad le rochtain a thabhairt ar Líne Chluaidh Thuaidh .

Seirbhísí[cuir in eagar | athraigh foinse]

An radharc ó leibhéal na sráide suas go dtí na hardáin.

Idir an Luan agus an Satharn tá seirbhís achan leathuair an chloig ag dul soir go Sráid na Banríona i nGlaschú agus siar go Baile Anna (áit ar féidir ceangail a dhéanamh le Líne Chluaidh Thuaidh).[2] Leis an athbhreithniú ar an chlár ama a thosaigh ar an 18 Bealtaine 2014, cuirtear seirbhís teoranta in aghaidh na huaire ar fáil ar an bhealach seo idir 09:30 agus 19:00 gach Domhnach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Railscot Chronology - Kelvin Valley Railway Curtha i gcartlann 2014-01-16 ar an Wayback MachineRailscot; Retrieved 2014-01-15
  2. GB National Rail Timetable May 2016; Table 232