Sraith cheimiceach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sraith cheimiceach

Is éard atá i gceist le sraith cheimiceach ná sraith de dhúile ceimiceacha a bhfuil na saintréithe acu ag athrú de réir a chéile ag dul ar aghaidh sa tsraith. Tháinig na heolaithe ar lorg an choincheapa féin sular cuireadh an tábla peiriadach i dtoll a chéile, ach ba iad na sraitheanna seo a thug inspioráid do Dmitry Mendeleyev, an ceimiceoir Rúiseach a tharraing an chéad tábla peiriadach.

Tá an tábla peiriadach féin comhdhéanta as grúpaí is as sraitheanna den chineál seo. Is é is bunús leo ná na cosúlachtaí i gcumraíocht na leictreon sna hadaimh. Ar na leictreoin is faide amuigh san adamh atá saintréithe ceimiceacha na dúile ag brath, ós rud é gurb iad na leictreoin sin amháin - na fiús-leictreoin mar a thugtar orthu - na haon chinn a ghlacann páirt in imoibriúcháin cheimiceacha.

Seo samplaí de shraitheanna ceimiceacha an tábla pheiriadaigh:

Féach ar[cuir in eagar | athraigh foinse]