Spéirling

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Spéirlinn)
Spéirling "Catarina" (cyclone teochreasach)

Stoirm thrópaiceach dhian, go minic millteach, a tharlaíonn mar chuilithe ag déanamh bíse mórthimpeall ar chóras brú ísil. Bíonn luasanna na ngaoth an-ard inti (os cionn 130 km u-1), ach i lár na bíse (croí na stoirme) bíonn an aimsir ciúin. Tosaíonn spéirlingí os cionn aigéan trópaiceach, de ghnáth idir Iúil is Deireadh Fómhair, agus gluaiseann siar nó siar ó thuaidh sa leathsféar thuaidh, siar nó siar ó dheas sa leathsféar theas, agus cailleann fuinneamh nuair a thagann i dtír. Tugtar tíofún ar spéirling in iarthuaisceart an Aigéin Chiúin, agus cuaranfa i mBá na Beangáile. Gach bliain ainmnítear na spéirlingí le hainmneacha in ord aibítreach (ach litreacha tearca mar Q is X a fhágáil ar lár) chun míthuiscint a sheachaint nuair a bhíonn níos mó ná ceann amháin ann ag an am céanna. Úsáidtear ainmneacha difriúla san Atlantach, oirthear an Aigéin Chiúin, agus lár an Aigéin Chiúin.


Hairicíní móra[athraigh | edit source]