Sorgum

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gránarbhar atá cosúil le harbhar Indiach i gcruth ginearálta, ach le dias dlúth de ghráinní beaga. Is é arbhar caifearach nó arbhar guine an cineál is tábhachtaí, a shaothraítear mar phríomhbhia i gcuid mhaith den Afraic is an Áise, agus mar bhia d'ainmhithe i Meiriceá is an Astráil. Tá saghas amháin a tháirgeann siúcra, díreach cosúil le cána siúcra.