Sodor agus Manainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSodor agus Manainn

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°13′00″N 4°32′00″W / 54.2167°N 4.5333°W / 54.2167; -4.5333
Daonra
ReiligiúnAnglacánachas Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deProvince of York (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síDiocese of the Isles (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ArdeaglaisPeel Cathedral (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinsodorandman.im Cuir in eagar ar Wikidata

Is deoise í Sodor agus Manainn de chuid Eaglais Shasana. Ar dtús bhí sí i bhfad níos mó, ach sa lá atá inniu ann clúdaíonn sí an tOileán Mhanann agus a hoileáinín cóngaracha.

Luathstair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an deoise Ioruach de Shodor sa bhliain 1154, a chlúdaíonn Inse Ghall agus na hoileáin eile fud fad chósta thiar na hAlban. Tagann an t-ainm Sodor ón Ioruach Suðreyjar a chiallaíonn 'Oileáin an Deiscirt'. Ba é an t-ainm sa Norse bunaidh Suðreyjar (Sudreys nó "oileáin dheas"), i gcodarsnacht leis an Norðreyjar, na hoileáin "thuaidh" d'Inse Orc agus d'Inse Shealtainn. Cuireadh an tOileán Mhanann san áireamh i le hoileáin na deiscirt. Bhí an deoise faoi réir na hArd-Deoise i dTrondheim.

Rialaigh an Iorua na hoileáin go léir seo go dtí 1266, nuair a ghéill sí iad go hAlbain. Scoireadh Oileán Mhanann ó na hoileáin Albanacha, agus tháinig Manainn faoi ardtiarnas Ríthe Shasana sa bhliain 1334. Ina dhiaidh sin bhí úinéireacht ag Tiarnaí feodacha Mhanann air (na Stanleys, Iarlaí Derby, ó 1406 go dtí 1736 agus an Diúc Athall ó 1736) go dtí gur cheannaíodh an Tiarnas ag Chorónach na Breataine sa bhliain 1765. Ba le Tiarnaí Mhanann an ceart chun Easpag Sodor agus Mhananna a cheapadh agus bhain Diúic Athaill leas as ceart sin tar éis an tAthshuíomh sa bhliain 1765 go dtí go raibh sé géillte ar ais chun na Corónach sa bhliain 1828. Níor chorpraíodh an tOileán Mhanainn riamh isteach i Ríocht Shasana, nó an Ríocht Aontaithe, ach is Spleáchríoch de Choróin na Ríochta Aontaithe í. Mar an gcéanna leis an chuid eile d'Eaglais Shasana, ag an Reifirméisean d'fhág an deoise an Eaglais Chaitliceach Rómhánach le linn Anraí VIII bheith ina Rí. Ní thacaigh an t-easpag Thomas Stanley leis na hathchóirithe áfach (go háirithe athleithdháileadh a dheoise ó Cúige Canterbury go dtí Cúige Eabhrac) agus bhain Anraí VIII a oifig uaidh, bhí ath-aontaithe arís léi ar feadh tamaill faoi Mháire I[1] ach scartha arís faoi na socraíochta reiligiúnach a cheap Eilís I. Ós rud é nach raibh Oileán Mhanann ina chuid de Ríocht Shasana, ní raibh feidhm san oileán leis an tAcht Ionannais 1662, a ritheadh le linn na hAthghairme i Sasana, mar sin bhí an t Easpag Thomas Wilson saor chun adhradh i nGaeilge Mhanann a thabhairt isteach le linn a easpagóideacht (1697-1755), agus saincheisteanna faoi smacht an chléir a réiteach, fadhbanna a bhain le stádas uathúil an oileáin.[2]

Úsáid an téarma 'Sodor agus Manainn'[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir go raibh bunús an ainm "Sodor" caillte agus dá bhrí go raibh a shainbhrí curtha i bhfeidhm ar Oileán Naomh Pádraig mar shuíochán an easpaig. Is cosúil go raibh an foirceann "agus Manainn" curtha leis san 17ú haois ag línitheoir dlíthiúila bhí aineolachar ar chur i bhfeidhm cuí an ainm Sodor chun na heasbaigeachta. Ag deireadh an dara cuid den 16ú haois bhí na téarmaí "Sodor" agus "Manainn" in-idirmhalartaithe, thagraítí don easbaigeacht mar "Sodor" nó "Manainn". Go dtí 1604 d'úsáideadh na heaspaig an síniú "Sodorensis"; agus idir an dáta sin agus 1684, uaireanta d'úsáideadh siad "Soderensis" agus uaireanta "Sodor agus Manainn"; agus ó 1684 i leith d'úsáid na heaspaig an síniú "Sodor agus Manainn".

An Nua-aois Dhéanach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ardeaglais Phort na hInse

Bhí ardeaglais bhunaidh 'Dheoise Shodor agus Mhanann' ar Oileán Naomh Pádraig i bPort na hInse. Chuaigh an ardeaglais as feidhm i rith an 18ú haois agus le blianta fada ní raibh ach Leas-ardeaglais i nDúglas. Sa bhliain 1980, bhí an ardeaglais reatha, séipéal paróiste Naomh Gearmáine i bPort na hInse, ceaptha ina hardeaglais de réir Achta Pharlaiminte.

Ós rud é nach bhfuil Oileán Mhanann ina chuid den Ríochta Aontaithe, ní áireofar an tEaspag mar Thiarna Spioradálta, agus ní shuíonn sé i dTeach na dTiarnaí sa Ríocht Aontaithe. Mar sin féin, tá sé ina bhall de Chomhairle Reachtaíochta an oileáin. Mar sin féin, mar aon le ceapacháin Eaglais Shasana eile na Corónach, tá ceapachán an easpaig fós faoi réir chomhairle Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, in ainneoin na fírinne nach bhfuil aon údarás eile aige/aici ar Oileán Mhanann.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]