Sive (dráma)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ealaíona TaibhiúcháinSive
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarJohn B. Keane Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú
CéadléiriúMárta 1959 Cuir in eagar ar Wikidata

Dráma le John B. Keane is ea Sive (nó Sadhb) a cuireadh ar an stáitse don chéad uair in 1959, tréimhse dhuairc i stair na hÉireann nuair a bhí leatrom na bhfear ar mhná coitianta go leor.

John B. Keane

Achoimriú ar an bplota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déagóir óg scoile í Sive, leanbh tabhartha ar fheirm bheag dhearóil a huncail, suite áit éigin ar na hardtailte idir Lios Tuathail, Ladhar a’ Chrompáin agus Cnoc na gCaiseal. Tá sí i ngrá le buachaill óg na háite, Liam Scuab. Is bitseach chríochnaithe a haintín Mena. Bean nimhneach atá tiomanta Sive ‘a dhíol’ fá choim ar £200 i gcleamhnas le feirmeoir láidir, seanchreatlach fir a bhfuil cos amháin leis san uaigh. Cleamhnas a d’eagraigh an grabálaí claon Thomasheen Seán Rua, slíomadóir lofa fir – leathcheann fireann Mhena sa ghnó náireach céanna.[1]

Léiriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Aisteoirí an Spidéil an dráma Sive ar siúl “thar dhá shéasúr” trí Ghaeilge.[2]

Sa bhliain 2018, chuir Garry Hynes Sive feimineach don aonú haois fichead ar stáitse an Gaiety.[1] Bhí Andrew Flynn ar an stiúir sa Gaiety in 2024., agus chuir sé i láthair bean óg de mhianach measctha, de bhunús na hAfraice mar Sive (Sade Malone).[3]

Téamaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teanga seachas ceardaíocht ná plota John B. Keane a iompraíonn fírinní síoraí Sive.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Pat Butler (2 Feabhra 2018). "An Druid dulta go dtí dúthaigh John B. sa tóir ar fhírinní síoraí Sive" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-01.
  2. Máirín Breathnach Uí Choileáin, "Aisteoirí an Spidéil" (Cló Iar-Chonnacht 2015)
  3. Pat Butler (1 Feabhra 2024). "‘Sive’ den scoth ag Sade Malone i ndráma atá chomh fírinneach inniu is a bhí riamh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-01.
  4. "Christine Buckley" (as en) (2023-12-07). Wikipedia.