Sionnach mara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Liamhán mór an-oirirc a mhaireann gar do dhromchla na farraige, forleathan i bhfarraigí trópaiceacha is measartha. Aithnítear go héasca é as an maothán an-fhada uachtarach ar a eireaball, a fhéadfaidh a bheith leath chomh fada arís lena cholainn. Baineann sé feidhm as an maothán seo chun báirí iasc a locadh trí dhromchla an uisce a ghreadadh. A cholainn suas le 6 m ar fhad.