Sintéis chróite

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bealach ar féidir cuid mhaith teileascóp beag a chuingriú chun cuid d'airíonna teileascóp an-mhór a bhaint amach. Déantar go rathúil le radaiteileascóip í chun mionphointí a anailísiú i bhfoinsí radaíochta. Shaothraigh an réalteolaí Briotanach Martin Ryle an teicníocht den chéad uair sa réadlann radairéalteolaíochta i gCambridge.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sintéis chróite". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 600.