Martin Ryle

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Radairéalteolaí a rugadh i mBrighton Shasana ab ea Martin Ryle (1918-1984). D'fhorbair sé an trasnamhéadar, agus leis sin rinne suirbhéireacht ar na foinsí tonnta raidió is faide amach sa spas. Chuir a shaothar go mór le teoiric na hOllphléisce maidir le bunús na Cruinne. Réalteolaí Ríoga ó 1972. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic i 1974, á roinnt le Anthony Hewish.