Siabhraigin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is siabhraigin[1][2] ann ná druga a spreagann siabhránacht, cosúil le deannach na n-aingeal, aimíd dé-eitile aigéid liséirgigh (LSD), beacáin draíochta, agus meascailín (péóité). Ainm eile orthu is ea drugaí sícideileacha. Tá cuid acu a fhaightear sa nádúr is a bhíodh in úsáid i seanleighis is searmanais reiligiúnda ón seaman, cuid eile in úsáid go neamhdhleathach, go forleathan sna 1960idí-1970idí.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “siabhraigin” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-11.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “hallucinogen — Aistriúchán Gaeilge ar hallucinogen (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-01-11.
  3. Hussey, Matt (2011). "Siabhraigin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 596.