Seoltóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Báíd ag seoladh

Is spórt iontach dúshlánach í an seoltóireacht. Seoladh is ea an ealaíon a smachtaíonn bád le húsáid scragaill (as faibiric de ghnáth) mhóra, gur tugtar seolta orthu. Is féidir le mairnéalach, trí athrú na rigeála, an halmadóra, an chlártruaille nó an lárchláir, fórsa na gaoithe ar seol a bhainistiú ionas is go nathrófar treo agus luas an bháid. Tagann máistreacht ar oilteacht na seoltóireachta ó thaithí faoi staideanna difirúla gaoithe is mara, chomh maith ón saineolas a bhíonn ag duine ar na báid seoil.

I measc na spórtanna éagsúla a bhaineann úsáid as an ngaoth le haghaidh ghluaiseachta tá seoltóireacht aonair, seoltóireacht fóirne agus seoltóireacht mhaidhme. Meallann sé na mílte daoine ar fud an domhain, ar mhuir, ar locha agus ar na haibhneacha. Tá báid ann atá beag bídeach suas go dtí na luaimheanna móra mílteacha atá in ann dul trasna aigéan. Tá roinnt daoine ann a théann ag seoltóireacht mar gheall ar an bpléisiúr fhéin agus tá daoine eile a dteastaíonn uathu bheith ag iomaíocht i ngeallta bád agus is breá an spórt é. Tá seoltóireacht thraidisiúnta go mór i réim ón dara leath den aois seo caite. Tá borradh le na Loing Arda faoi láthair, is iad ag dul i méid ó bhliain go bliain; An Jeannie Johnston, An Dunbrody agus áirítear An Asgard 11 leo. I measc na mbád traidisiúnta tá húicéirí na Gaillimhe, na geoltaí Acla, atá le feiceáil amach ó chósta Co. Mhuigheo agus na báid tuaille ó chósta an Deiscirt. Ba báid oibre uilig iad go dtí an dara leath den chéad seo caite. Tá luaimheanna nua-aimsire ag dul i bhfeabhas, le nua-theicneolaíocht déantúis le himeacht ama. Is liosta le háireamh na báid nua aimsire atá ag dul i méid ó bhliain go bliain, ina measc, TP52 'Patches' atá ag Eamon Conneely, ceann dena báid is tapúla sa tír.

Clár ábhair

[athraigh] Cad as a dtáinig siad?

An Jeannie Johnston, Long Árd ó Chiarraigh i Cherbourg 2005

Tá báíd seoil i réim leis na cianta. Ó thús ama, nuair a tháinig siad ar bhealach chun soitheach a thiomáint le cumhacht na gaoithe, bhí na báid seoil in úsaid. Tá cuntas ar bháid seoil san Éigipt anallód, a sheol leis an ngaoth. Bhí na Lochlannaigh in ann seoladh beagáinín in aghaidh na gaoithe, lena seolta cearnógacha móra, cé nach féidir iad a chur i gcomparáid leis na báid atá ann na laethanta seo. Ba iad na hArabaigh ar dtús a bhain úsaid as seolta a bhí ceangailte ó thosach go deireadh, mar a bhíodh acu ar an dhow agus is uaidh siúd a tháinig na báid agus an culaith seoil atá faoi réim,don chuid is mó, anois.

[athraigh] An Chéad Luamh 'Yacht'

Bhí sé i bhfad níos éasca taisteal ar mhuir ná thar tír go dtí le deireannas agus tá sé ráite go dtáinig an luamh chun cinn nuair a tháinig deireadh le ré eacnamaíochta na mbád seoil. Tá tagairt don seoltóireacht mar chaitheamh aimsire san Ísiltír, an áit as a dtagann an focal Béarla ‘yacht’ ón fhocal ‘yacht schip’ san Ollanais, siar sa bhliain 1599. Is i gCorcaigh a bunaíodh an chéad Club Seoltóireachta [An Club Luamh Ríoga Chorcaí (R.C.Y.C)], siar sa bhliain 1720.

[athraigh] Báid Seoil an Lae inniu

Seoladh is ea an ealaíon a smachtaíonn bád le húsáid scragaill (as faibric de ghnáth) mhóra, gur tugtar seolta orthu. Is féidir le mairnéalach, trí athrú na rigeála, an halmadóra, an chlártruaille nó an lárchláir, fórsa na gaoithe ar seol a bhainistiú ionas is go nathrófar treo agus luas an bháid. Tagann máistreacht ar oilteacht na seoltóireachta ó thaithí faoi staideanna difirúla gaoithe is mara, chomh maith ón saineolas a bhíonn ag duine ar na báid seoil. Ba as adhmad a rinneadh na báid ar feadh na gcianta ach anois, cé go bhfuil an-tóir fós ar bháid adhmaid, tá báid á dhéanamh as snáth-ghloine, as iarann, suimint agus plaisteach.

Bíonn rásaí clúiteacha ag na luaimheanna thart timpeall an domhain mhóir. Is é “An Corn Mheirceá" [America’s Cup - Coupe d'Amerique] an ceann is sine. Thosaigh an rás sin sa bhliain 1851. Os rud é go bhfuil cósta na hÉireann dúshlánach ó thaobh seoltóireachta de, is minic a sheolann báid rasaíochta timpeall an chósta. Tá clú agus cáil bainte amach ag rása timpeall an Charraig Aonar. Faraor géar tharla tragóid ann sna 80í.

[athraigh] Oilteacht na Seoltóireachta

  • Pointí an tSeoil
  • Clog na Gaoithe agus téarmaí faoi threo na gaoithe
  • Codanna an Bháid
Commons
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann leis an ábhar seo:

Do chuid uirlisí