Seicheamh aigéid núicléasaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is seicheamh aigéid núicléasaigh ann ná comharbas de litreacha a chuireann in iúl ord na núicléitídí laistigh d' aigéad dí-ocsairibeanúicléasac (ADN) (ag baint úsáide as GACT) nó móilín (GACU) d'aigéad ribeanúicléasach (ARN). De réir choinbhinsiún, de ghnáth cuirtear seichimh i láthair ón 5'-críoch go dtí 3'-críoch. I gcomhair ADN, úsáidtear an snáithe polaraíochta. Toisc go mbíonn aigéid núicléasaigh de ghnáth ina pholaiméirí líneacha (neamh bhrainseach) is ionann an t-ord a shonrú agus struchtúr comhfhiúsach an mhóilín ar fad a shainmhíniú. Ar an gcúis seo, tugtar an 'bunstruchtúr' chomh maith, ar an seicheamh aigéid núicléasaigh.

Núicléitídí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Struchtúr ceimiceach ADN
Sraith de chódóin i gcuid de mhóilín tARN (Béarla: mRNA) comhdhéanta de thrí núicléitíd, de ghnáth a ionadaíonn aigéad aimín amháin.
  • A = adainín 
  • C = cíotóisín
  • G = guainín
  • T = tímín
  • R = G (púirín)
  • Y = T C (pirimidín)
  • K = G T (céata-)
  • M = A C (aimín)
  • S = G C (nasc láidir)
  • W = T (nasc lag)
  • B = G T a C (gach ach A)
  • D = G A T (gach ach C)
  • H = C h T A (gach ach G)
  • V = G C A (gach ach T)
  • N = G C T (aon cheann)

Tá na siombailí seo bailí chomh maith do ARN, ach amháin le U (úraicil) in áit T (tímín).

Tábhacht bhitheolaíoch[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léaráid den chód géiniteach, trína n-aistrítear an fhaisnéis atá in aigéid núicléacha go dtí seichimh aimíonaigéad i bpróitéiní.

I gcórais bhitheolaíochta, bíonn faisnéis in aigéid núicléacha a úsáideann cill bheo  le haghaidh próitéiní ar leith a thógáil. Aistrítear seicheamh na núicléabhunna ar snáithe aigéid núicléasaigh  ag innealra na cealla chuig seichimh aimíonaigéid ag cumadh snáithe próitéine. Freagraíonn gach grúpa de thrí bhun, ar a dtugtar códón, d' aimíonaigéad amháin, agus tá cód géiniteach sonrach ann le haghaidh gach meascán féideartha de na trí bhun arb ionann iad agus aimíonaigéad faoi leith. 

Leagann dogma lárnach na bitheolaíochta móilíní amach an mheicníocht trína ndéantar próitéiní ag baint úsáide as eolas atá sna haigéid núicléacha.Tras-scríobhtar ADN isteach go dtí móilíní tARN, a dtaistealaíonn chuig an ribeasóim chuig áit ina n-úsáidtear an tRNA mar theimpléad le haghaidh an tsnáithe próitéine a thógáil. Ós rud gur féidir aigéid núicléacha ceangal le móilíní le seichimh comhlántach, tá idirdhealú idir na seichimh "polaraíochta" a chódaíonn le haghaidh próitéiní, agus an seicheamh "antapholaraíocht" comhlántach atá leis féin neamhfheidhmiúil, ach gur féidir leis ceangal leis an snáithe polaraíocht.

Deimhniú seichimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Priontáil leictreaféaragraim ó seicheamhóir uathoibrithe chun cuid de shraith ADN a dheimhniú.

Léiriú digiteach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seicheamh géiniteach i bhformáid dhigiteach.

Anailís sheichimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir anailís a dhéanamh ar sheichimh ghéiniteacha trí dul i muinín uirlisí bithfhaisnéisíochta chun iarracht a dhéanamh a fheidhm a dhéanamh amach.

Tástáil ghéiniteach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir an ADN i ngéanóm an orgánaigh a anailísiú chun leochaileachtaí chuig ghalair oidhreachta, agus is féidir é a úsáid chun aithreachas an linbh (athair géiniteach) nó sinsear duine a chinneadh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  •  Struchtúr géinte
  • Córas uimhriúil ceathartha
  • Polamorfacht aon-núicléitíde (PAN)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • A bibliography on features, patterns, correlations in DNA and protein texts