Seascann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seascann sa Pholainn

Is éard is seascann ann ná talamh fliuch faoi fhoraois.[1] Meastar gur criosanna trasdula iad seascainn mar tá ról ag talamh agus uisce araon i gcruthú na timpeallachta.[2] D'fhéadfadh fionnuisce, uisce goirt nó sáile a bheith sa seascann. Feictear seascainn fionnuisce ar bhruach aibhneacha nó lochanna móra, áit a mbíonn siad ag brath go mór ar uisce báistí agus ar thuilte séasúracha chun athruithe nádúrtha i leibhéal an uisce a chaomhnú.[2][3] Is in aice le haibhneacha móra ar nós an Amasóin, an Mississippi, agus an Congó a fhaightear cuid de na seascainn is mó ar domhan.[4] Feictear seascainn sáile ar chóstaí trópaiceacha agus fothrópaiceacha.[5]

Riasc vs. seascann[cuir in eagar | athraigh foinse]

An difríocht idir seascann agus riasc

Is cineálacha sainiúla bogaigh iad seascainn agus riasca (nó corcacha) a fhoirmíonn i ngar do réimse uisce, in áiteanna a bhfuil ithir shaibhir sháithithe iontu.[6] Is bogach é riasc a bhíonn faoi thuilte go leanúnach nó go minic, a bhfuil plandaí luibheacha chun cinn. Ar an lámh eile, bíonn ithir sháithithe agus/nó uisce bodhar i seascann, agus ó thaobh fásra de, is crainn, toir, agus sceacha uiscefhulangacha atá chun tosaigh.[7][5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Keddy, P.A. 2010. Wetland Ecology: Principles and Conservation (2nd edition). Cambridge University Press, Cambridge, UK. 497 p.
  2. 2.0 2.1 Society (2011-01-21). “swamp” (en). National Geographic Society. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-03. Dáta rochtana: 2019-09-26.
  3. Hughes, F.M.R. (ed.). 2003. The Flooded Forest: Guidance for policy makers and river managers in Europe on the restoration of floodplain forests. FLOBAR2, Department of Geography, University of Cambridge, Cambridge, UK. 96 p.
  4. Keddy, P.A., L.H. Fraser, A.I. Solomeshch, W.J. Junk, D.R. Campbell, M.T.K. Arroyo and C.J.R. Alho. 2009. Wet and wonderful: the world's largest wetlands are conservation priorities. BioScience 59: 39–51.
  5. 5.0 5.1 Mitsch, W.J., & Gosselink, J.G.(2015). Wetlands. Hoboken, NJ: John Wiley & Sons Inc.
  6. Swamps”. Nature Works- New Hampshire PBS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-11-12. Dáta rochtana: 2019-11-26.
  7. Classification and Types of Wetlands”. EPA (9 April 2015). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 November 2019. Dáta rochtana: 26 November 2019.