Corcach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Corcach

Is éard is corcach (nó riasc[1]) ann ná réigiún talún atá báite an t-am ar fad agus fásra tiubh giolcach nó crann ann (Béarla: marsh). Tá corcacha mangróibh coitianta ar feadh inbhir aibhneacha sna trópaicí is na fo-thrópaicí. Sa tréimhse Charbónmhar bhíodh corcacha muirí an-choitianta, agus is iontu a cruthaíodh fosuithe guail an lae inniu.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “marsh” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-12.
  2. Hussey, Matt (2011). "Corcach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 172.