Seán Mac Brádaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán Mac Brádaigh
Cbnua.jpeg
An Cairdinéil Seán Mac Brádaigh
Dáta breithe 16 Lúnasa 1939
  Droim Mhic Ailpín, An Cabhán
Coat of arms of Sean Baptist Brady.svg

Is é Ardeaspag Ard Mhacha é Seán Mac Brádaigh (Béarla: Seán Brady) (rugadh 16 Lúnasa 1939, Laragh, Co. Cabháin).

Saol[athraigh | edit source]

Tar éis fhágaint na scoile dó, bhain sé amach céim in Ollscoil na hÉireann Maigh Nuad sa bhliain 1960. Lean sé air lena oiliúnt sa Róimh áit ar oirníodh mar shagart é sa bhliain 1964. Bronnadh dochtúireacht sa diagacht air sa bhliain 1967 ón Ollscoil Lateran sa Róimh freisin. Bhí cónaí air fán am seo sa Choláiste Gaelach.

D'fhill sé ar a chontae dhúchais agus chaith sé na blianta idir 1967 agus 1980 ag teagasc i gColáiste Naomh Pádraig i mbaile Cabháin. Glaíodh ar ais chuig na Róimhe é mar leascheannaire ar an gColáiste Gaelach sa bhliain 1980. Sa bhliain 1993 thosaigh sé mar shagart pharóiste i gCastletara, Co. Cabháin.

Tháinig sé i gcomharbacht ar Ardeaspag Cathal Ó Dálaigh mar Ardeaspag Ard Mhacha ar an gcéad lá de mhí Dheireadh Fómhair 1996.

Sé a rosc easpaig ná Jesum Christum cognoscore (Aithnigh Íosa Chríost).

Chuir an Phápa Beinidict XVI, in iúl ar an an seachtú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair 2007 go raibh sé de rún aige Cairdinéil a dhéanamh de. Rinneadh amhlaidh agus cruthaíodh Cairdinéil de i searmanas sa Róimh ar an gceathrú lá is fiche de mhí Shamhna 2007. Ba é an triú Cairdinéil in Éirinn ag an tráth céanna é don chéad uair riamh go dtí go bhfuair Cairdinéil Ó Dálaigh bás.