Scannal na mblocanna lochtacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtScannal na mblocanna lochtacha
Cineálscannal Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata


Bhris scannal na mblocanna lochtacha (nó an scannal mica)[1] amach in Éirinn sna 2010idí. Bhí tithe i 12 contae timpeall na hÉireann thíos le fadhb an mhíoca sna 2020idí. Ach bhí a bhformhór díobh i gCo.Dhún na nGall.

In 2022, bhí €2.2bn geallta ag Rialtas na hÉireann chun fadhb na mblocanna lochtacha i dtithe cónaithe a réiteach. Ach chosnódh sé b'fhéidir €5bn fadhb míoca a chur ina cheart.[2]

Míoca

Cúiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

pirít - criostalstruchtúr

Mianra é an míoca a bhí sna carraigeacha as a ndéantar gaineamh na mbrící agus ós rud é go dtarraingíonn an mianra sin taise, tá ballaí na dtithe ag creimeadh agus ag titim as a chéile, “amhail Weetabix” mar a deir duine de na léirsitheoirí.[3]

Is mianraí iad míoca agus pirít agus tagtar orthu sa talamh agus i gcarraigeacha tochailte ó chairéil agus úsáidte i mbloicíní. Rinne na mianraí seo fabhtanna i mbloicíní, agus tharla scoilteanna agus fadhbanna i bhfoirgnimh agus tithe tógtha leis na mbloicíní lochtacha de réir sin.

Thángthas ar mhíoca i gcairéil in iarthuaisceart na hÉireann go príomha agus tá cúpla réadmhaoin sa cheantar seo atá buailte leis. Rinne pirít fadhbanna chomhchosúla i bhfoirgnimh in Oirthear na hÉireann.[4]

Cúiteamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Rialtas na hÉireann scéim cúitimh mica i bhfeidhm sa bhliain 2021.[5][6][7] Agus réitíonn an tScéim Fheabhsúcháin Piríte réadmhaoine atá buailte go mór le pirít (bainistíonn an Bord Réitigh Piríte an tscéim sin).

Leis an Scéim Deontais Feabhsaithe maidir le Bloic Choincréite Lochtacha, tugtar tacaíocht airgeadais do dhaoine, ionas gur féidir leo tithe a ndearnadh damáiste dóibh toisc gur baineadh úsáid as bloic choincréite lochtacha a dheisiú. Is bloic iad bloic choincréite lochtacha a bhfuil méideanna iomarcacha míoca nó piríte iontu.[4]

Faighfear €145 in aghaidh na troighe cearnaí don chéad 1,000 troigh chearnach. Tá caidhp €420,000 ar na deontais a íocfar le húinéirí tí ar tógadh a dtithe le brící lochtacha.[8] Tá an scéim oscailte do thithe atá á ligean ar cíos má bhí na tithe sin cláraithe leis na mBord um Thionóntachtaí.[9] Ach deir lucht an fheachtais go bhfuil go leor daoine fágtha as an áireamh ag critéir agus ag coinníollacha na scéimeanna sin.[10]

Mheas an Roinn Tithíochta in 2021 go raibh suas le 6,600 teach cónaithe a bhfuil obair athchóirithe le déanamh orthu de bharr an mhíoca sna brící.

Buaileadh tithe i dTuaisceart Éireann chomh maith. Ach níl aon socrú ann maidir le cúiteamh.[11]

Agóidíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Páirtí lucht feachtais mica, an 100% Redress Party,[12] sa bhliain 2023 chun cúiteamh iomlán a lorg d’úinéirí tí ar tógadh a dtithe le brící lochtacha míoca.[13] Tá siad ag éileamh fiosrúchan poiblí faoi cheist an mhíoca ina iomláine.[10] Deir said nach raibh siad freagrach as an éagóir a rinneadh orthu agus gur chóir cúiteamh iomlán a thairiscint dóibh.[14][15]

Cuireann úinéirí na dtithe scriosta an locht ar easpa rialacháin tógála ó thaobh amhábhar na mbrící a cuireadh ar fáil ó na cairéil.[3]

Tá ceithre bhunphrionsabal aglucht an fheachtais :

- Gach sealús a bheith atógtha mar a bhí agus de réir chaighdeáin an lae inniu

- Cúnamh iomlán ó eagraíocht Stáit le hatógáil tithe a bhainistiú ó thús go deireadh de réir mar is mian leis na húinéirí

- Tacaíocht do gach duine atá buailte ag an scannal agus gan aon duine a fhágáil as an áireamh sa scéim chúitimh

- Gealltanas nach dtarlóidh a leithéid go deo arís agus go gcloífear le caighdeáin oifigiúla tógála feasta.[16]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Irish defective block crisis" nó "brick scandal"
  2. Nuacht RTÉ (2022-04-24). "'€5bn a chosnóidh sé fadhb míoca a chur ina cheart'-Innealtóir" (as ga-IE). 
  3. 3.0 3.1 "‘Is le Dún na nGall príomhchathair na hÉireann inniu’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-10-08). Dáta rochtana: 2024-03-01.
  4. 4.0 4.1 Citizensinformation.ie. "Scéimeanna do thithe atá buailte ag pirít nó mica" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-03-01.
  5. "Enhanced Defective Concrete Blocks Grant Scheme" (en). www.gov.ie (2023-07-03). Dáta rochtana: 2024-03-01.
  6. electronic Irish Statute Book (eISB). "electronic Irish Statute Book (eISB)" (en). www.irishstatutebook.ie. Dáta rochtana: 2024-03-01.
  7. gov.ie (2023). "[https://assets.gov.ie/262454/05313c4e-49d5-4984-b75f-316787c06643.pdf REMEDIATION OF DWELLINGS DAMAGED BY THE USE OF DEFECTIVE CONCRETE BLOCKS REGULATIONS 2023]". Dáta rochtana: 2024.
  8. "Scéim cúitimh mica agus caidhp €420,000 aontaithe ag an Rialtas" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-11-30). Dáta rochtana: 2024-02-29.
  9. Nuacht RTÉ (2021-11-30). "Scéim cúitimh mica agus caidhp €420,000 aontaithe ag an Rialtas" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-29.
  10. 10.0 10.1 Nuacht RTÉ (2024-02-26). "Mórghrúpa anois ag daoine buailte ag míoca i dTír Chonaill" (as ga-IE). 
  11. newsletter.co.uk (7 Sam 2022). "Mica scandal: Northern Ireland family face £100,000 bill to repair home as lawers claim many more to come". Dáta rochtana: 2024.
  12. 100percentredressparty.ie. "100% Redress Party" (en-IE). Dáta rochtana: 2024-02-29.
  13. "Páirtí lucht feachtais Mica cláraithe le seasamh i dtoghcháin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-09-15). Dáta rochtana: 2024-02-29.
  14. Cathal Mac Coille (12 Meitheamh 2021). "Ní foláir cabhair chothrom a thairiscint do dhaoine a bhfuil a dtithe lochtacha ag titim as a chéile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-01.
  15. Nuacht RTÉ (2024-03-06). "Brící lochtacha: Feisirí Eorpacha Fhine Gael cáinte" (as ga-IE). 
  16. Ailbhe Ó Monacháin / Nuacht RTÉ (2024-03-05). "Ceithre éileamh ag úinéirí tithe míoca i nDún na nGall" (as ga-IE). 
  17. "Muscovite" (as en) (2024-01-13). Wikipedia. 
  18. "2023 United Kingdom reinforced autoclaved aerated concrete crisis" (as en) (2024-02-29). Wikipedia.