Scannán múcasach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Leathán fíocháin shnáithínigh a líneálann gach cuas is canáil sa cholainn a osclaíonn don taobh amuigh (conair an bhia is an chonair úirighéiniteach, mar shampla). Bíonn ciseal dromchlach eipitéiliam is ciseal fíocháin tháite faoi sin. Is féidir go mbeidh faireoga simplí sa chiseal dromchlach. Bac a bhíonn inti idir na cealla a chomhdhéanann an cholainn is an timpeallacht sheachtrach.