Scagphriontáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
A = dúch, B = leachtscuab, C = íomhá, D = eibleacht, E = scagaire priontála, F = íomhá clóite

Is é rud is scagphriontáil ann ná teicníocht priontála ina mbrúitear dúch trí mhogall scagaire (déanta as síoda tráth, ach as fabraic shaorga de ghnáth anois). Bíonn an íomhá le priontáil mar fhoirm páipéir greamaithe ar an scagaire, curtha air de lámh nó trí phróiseas fótaimeicniúil. Úsáidtear an próiseas seo i gcuid mhaith feidhmeanna tráchtálacha priontála nuair a bhíonn fairisinge mhór le dathú i ndath amháin. Déantar uigí a mhaisiú leis an bpróiseas seo freisin, ar T-leinte, mar shampla.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Scagphriontáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 578.