Salann Glauber

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sulfáit sóidiam hiodráitithe, Na2SO4.10 H2O. Ainmnithe as an gceimicí Gearmánach Johann Rudolph Glauber (1604-1670), deisceabal le Paraiceilseas. Buarannach cineálta, comhábhar i gcuid mhaith uiscí mianracha, agus mheastaí tráth go raibh airíonna suntasacha leighis aige. Is é 31 °C a leáphointe, agus úsáidtear mar ábhar gníomhach i dtéitheoirí stórála é.