Sabhal Mòr Ostaig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An seanchlós de Shabhal Mòr Ostaig
Tithe nua don coláiste

Coláiste is ea é Sabhal Mòr Ostaig atá suite san Oileán Sciathánach in Albain agus atá ag teagasc trí mheán na Gàidhlige suas go dtí leibhéal iarchéime . Tá thart fá 100 mac léinn lán-aimseartha ar láithreán na Colaiste. Tá cuid acu ag déanamh dianchúrsa Gàidhlige ar feadh bliadhna amháin. Leanann cuid acu ar aghaidh bliana eile, nó ar feadh trí nó ceithre bliadhna chun céim BA nó céim onóracha a bhaint amach. Tá cúrsa practiciúil ar na meáin ann fosta, le dlúthbhaint leis an teilifís Ghàidhlige.

Déanann an Coláiste an-chuid cianfhoghlama fosta. Tá An Cùrsa Inntrigidh ann do thosnaitheoirí na Gàidhlig, le rang gutháin uair a chloig gach seachtain. Ach is féidir leanúint ar aghaidh go dtí céim nó céim onóracha tríd an cianfhoghlama. Agus fiú amháin ag leibhéal níos airde tá MSc ann i Cultar Dùchasach agus Eachdraidh na Gàidhealtachd (Cultúr Dúchasach agus Stair na Garbhchríche), agus tá roinnt mac léinn PhD ann chomh maith.

Cuireann an Coláiste cúrsaí seachtaine ar fáil ag am na Cásca agus i rith an t-samhraidh: cúrsaí ceoil traidisiúnta agus cúrsaí Gàidhlige agus cúrsaí eile. Bíonn cúrsa Gàidhlig ann uair nó dó gach bliana go sonraithe do dhaoine atá líofa cheana i nGaeilge na hÉireann.[1]

Stair[athraigh | edit source]

Bunaíodh an Coláiste sna 1970í ar Ostaig Farm Square le fiontraí áitiúil, Sir Iain Noble a bhí báúil don Ghàidhlig. Ar dtús ní raibh ann ach leabharlann agus corra chúrsa goirid, ach thosaigh cúrsaí HND dhà-bhliadhna sa bhliain 1983 le ochtnar de mhac léinn lán-aimseartha.

Daoine[athraigh | edit source]

Bhí an file gaelach aithnidiúil, Somhairle MacGill-Eain, i measc na comhaltaí boird luaithe.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Seal i nGaeltacht na hAlban - cuir síos as Gaeilge ar cúrsa Gàidhlige ag Sabhal Mòr Ostaig i samhradh 2014.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]