Somhairle MacGill-Eain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Somhairle MacGill-Eain

File cáiliúil Albanach ab ea é Somhairle MacGill-Eain (26 Deireadh Fómhair 1911 - 24 Samhain 1996). Rugadh é ar oileán Ratharsair, gar don Oileán Sgitheanach. B'í Gaeilge na hAlban a chéad teanga. Chaill sé a chreideamh Phreispitéireach agus é ina dhéagóir. D'fhreastail sé ar Ollscoil Dhún Éideann agus d'imir sé iomáint ar son an choláiste. Thosaigh sé ag scríobh filíochta as Béarla, ach tar éis a chéad dán as Gaeilge (An Corra-Ghridheach), bheartaigh sé go raibh a chuid oibre as Gaeilge níos fearr. Bhí sé ina bhall d'arm na Breataine san Afraic Thuaidh i rith an Dara Cogadh Domhanda agus bhí sé gortaithe trí huaire, go dona uair amháin. Cummannach a bhí in MacGill-Eain go lár na 1940í. Phós sé Catriona Cameron ó Inbhir Nis, agus bhí triúr iníon acu. Dúirt MacGill-Eain gurb é Séamas Ó Conghaile "an laoch atá níos ionúine dom thar gach uile ní". Théadh sé go hÉirinn go minic, agus nuair thug sé cuairt ar Phríosún Cill Mhaighneann, dúirt sé gur spreag radharc léine fuilteach an Conghaileach "mothúcháin spioradálta" ann.

[athraigh] Naisc sheachtracha


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile