Síobghluaiseacht ilchríochach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An tslí a ngluaiseann na hilchríocha ar dhromchla an Domhain mar a bheadh cnoic ollmhóra oighir iontu. Síobghluaiseacht na mór-ranna, nó teoiric na bplátaí teicteonacha, cur síos eile ar an bhfeiniméan. Ceintiméadar nó dhó sa bhliain a ghluaiseann siad. Ar léarscáil an Domhain nó an chruinneog, is léir go n-oiriúnaíonn costa thoir Mheiriceá do chósta thiar na hEorpa is na hAfraice mar mhíreanna mearaí. Ag cur san áireamh na scairbheacha ilchríochacha faoin bhfarraige, is fearr fós an t-oiriúnú. De réir na teoirice seo, ní raibh ach meall amháin talún ar Domhan, Pangaea, go luath i stair an Domhain timpeall 200 milliún bliain ó shin. Scoilt Pangaea ina hilchríocha de réir a chéile, ghluais siad seo amach óna chéile go dtí na háiteanna a bhfuil siad inniu, agus tá an tsíobghluaiseacht seo ag dul ar aghaidh an t-am ar fad. Luaitear an coincheap seo le Alfred Wegener a thairg ar dtús í i 1912 agus a chuir síos go cuimsitheach uirthi ina leabhar Die Entstehung der Kontinente und Ozeane (Bunús na nIlchríoch is na nAigéan, 1922), ach nach bhfuair tacaíocht ar fiú trácht uirthi go dtí na 1960idí nuair a cuireadh teoiric na bplátaí teicteonacha chun cinn.