Síceolaíocht Piaget

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Modh oibre sa tsíceolaíocht, bunaithe ar shaothar Jean Piaget, a bhíonn ag iarraidh a thuiscint conas a fhaigheann daoine eolas mar orgánaigh bhitheolaíocha. Tosaíonn forbairt sa mhodh oibre seo le cumais loighciúla a fháil de réir a chéile trí idirghníomhú leis an timpeallacht. Mar shampla, is gá do pháistí a fhoghlaim go bhfuil réada is daoine fós ann nuair nach mbíonn siad le feiceáil. Is gá do pháiste scoile réiteach a fháil idir píosaí contrártha eolais, idir cuspóirí gearrthéarmacha, meántéarmacha is fadtéarmacha, agus a leithéid. Mar thoradh ar smaointe Piaget, tá cuid mhaith den bhunscolaíocht bunaithe ar fhéinfhionnadh is an bhunteoiric go bhfuil sraith staideanna intleachtacha is gá dul tríothu agus nach féidir brostú tríothu an oiread sin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Síceolaíocht Piaget". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 516.