Séamus Ó Néill
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1910 Caisleán Uidhilín, Northern Ireland |
Bás | 1981 70/71 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Banríona, Béal Feirste |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Scríbhneoir Éireannach ó Chaisleán Uidhilín, Contae an Dúin, ab ea Séamus Ó Néill (21 Bealtaine 1910 – 2 Meitheamh 1981).[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain sé bunchéim amach in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste, agus ansin rinne sé taighde i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath faoi stiúir Eoin Mhic Néill. D'fhrestail sé ar ollscoil in Innsbruck na hOstaire freisin. Ghlac sé post ag múineadh i gColáiste Carysfort. Chaith sé tréimhsí mar eagarthóir ar An Iris agus Comhar.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Subh Milis an dán is cáiliúla dár chum Ó Néill. Scríobh sé gearrscéalta don aos óg (An Seansaighdiúir) agus úrscéalta, go háirithe Máire Nic Artáin, leabhar soléite i nGaeilge Uladh den chéad scoth a ríomhann scéal grá an chailín Chaitlicigh agus an bhuachalla Phrotastúnaigh i mBaile Átha Cliath i dtús na 20ú haoise.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Sean-saighdiúir agus Scéalta Eile, 1945.
- An iris/eagarth, 1945-1946.
- Colm Cille : drama i gceithre radharcanna, 1946.
- Tonn tuile (Tidal Wave), úrscéal, Sáirséal agus Dill, 1947.
- Dánta, roimh-1949;
- Iomramh an Ousel (The Voyage of the Ousel), Dánta, roimh-1949;
- Buaidh an Ultaigh, Dráma, pre-1949;
- Díolta Faoina Luach, Dráma, pre-1949;
- Ní Chuireann Siad Síol, Dráma, pre-1949;
- Dánta do pháistí, 1949.
- Súil timpeall (Eye Around), Aiste, 1951.
- Up the Rebels, Oifig an tSoláthair, 1954. Trans. Doiminic Ó Ceallaigh.
- Ag baint fraochán : agus scéalta eile 1955
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Oxford Companion to Irish Literature, Welch, R. (eag), The Clarendon Press, Oxford, 1996.
- A Biographical Dictionary of Irish Writers, Anne Brady & Brian Cleeve (eagarthóirí), The Lilliput Press, 1985.
- Dictionary of Ulster Biography, i Newmann, K. (comp.), Coláiste na Ríona, Béal Feirste, 1993.
- Séamus Ó Néill bibliography James Hardiman Library, UCG Curtha i gcartlann 2005-10-23 ar an Wayback Machine
- Máire Nic Artáin (Maire McCartan), úrscéal, Cló Morainn, 1959.
- Iníon Rí Dhún Sobhairce : tragóid trí ghníomh, 1967.
- Faill ar an bhFeart : dráma trí ghníomh, c.1970.
- An tSiúr Pól : dráma trí ghníomh, c.1973.
- Rún an Oileáin ,1975. Dráma a léiríodh ar stáitse Halla Damer, Baile Átha Cliath 5-10 Meitheamh, 1961.
- Iníon rí na Spáinne, 1978.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- [ http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=358 Séamus Ó Néill ag Ainm.ie. Arna rochtain ar 6 Iúil 2017]
- Tonn Tuile: Caint is plé le hEithne Ní Néill
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Séamus Ó Néill", Ainm.ie