Rutarfoirdiam
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Rutarfoirdiam | |
| Siombail Cheimiceach | Rf |
| Uimhir Adamhach | 104 |
| Meáchan Adamhach | 261.11 g·mol |
| Grúpa, Peiriad | 4, 7, d |
| Dlús | 23 (measta) g·cm−3 |
| Sraith Cheimiceach | Na miotail thrasdultacha |
Is éard is rutarfoirdiam ann ná an 104 dúil cheimiceach i dtábla peiriadach na ndúl. Is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Rf, agus ainmníodh é in onóir Ernest Rutherford, fisiceoir ón Nua-Shéalainn. Is dúil shintéiseach ( dúil a cruthaítear sa saotharlann ach nach mbíonn ar fáil sa dúlra) agus radaighníomhach é; tá leathré de thart ar 1.3 uair an chloig ag an iseatóp is cobhsaí a bhfuil ar eolas againn, sé sin iseatóp 267Rf.