Haifniam
| Haifniam | |
| Siombail Cheimiceach | Hf |
| Uimhir Adamhach | 72 |
| Meáchan Adamhach | 178.49 g·mol-1 |
| Grúpa, Peiriad | 4, 6, d |
| Dlús | 13.31 g/cm⁻³ |
| Sraith Cheimiceach | Miotail trasdultacha |
Is é an haifniam dúil cheimiceach uimhir a 72 sa tábla peiriadach, agus is í an tsiombail cheimiceach ná Hf. Ba iad Dirk Coster agus Georg von Hevesy a rinne fionnachtain an haifniam i gCóbanhávan sa bhliain 1923, ach ó bhí folúntas i dtábla peiriadach na ndúl san áit seo, bhí a fhios ag na ceimiceoirí ó laethanta Mheindeiléiv anuas go dtiocfaí ar a leithéid de dhúil sa deireadh. Fuair an haifniam a ainm ó Chóbanhávan - Hafnia as Laidin.
Miotal trasdultach é an haifniam, agus é cosúil leis an siorcóiniam ó thaobh na ceimice de. Bíonn sé deacair an dá mhiotal a dhealú ó chéile, mar sin - cuid mhór den haifniam atá ar fáil, bíonn sé truaillithe le siorcóiniam. Is í an difríocht is mó eatarthu ná an dlús, nó níl an siorcóiniam ach leath chomh trom leis an haifniam.
Tá cúig iseatóp cobhsaí ag an haifniam: Hf-176 (5.2 % den haifniam nádúrtha), Hf-177 (18.6 %), Hf-178 (27.3 %), Hf-179 (13.6 %) agus Hf-180 (35.1 %). Thairis sin, tá iarsmaí beaga den raidiseatóp fadsaolach úd Hf-174 ar fáil sa dúlra.
Bíonn haifniam ar fáil sa dúlra mar thruailliú sa siorcóiniam. Mar shampla, bíonn beagáinín haifniam sa siorcón, an mianra siorcóiniam is tábhachtaí. Bíonn haifniam sna mianraí tiotáiniam freisin, cosúil leis an ilminít agus an rúitíl.
Is é +4 an uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí atá ag an haifniam.