Rubar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhar leaisteach a fhaightear ó chrainn thrópaiceacha éagsúla gan gaol le chéile, agus a thálann laitéis. An crann rubair is tábhachtaí is ea crann Pará, dúchasach don Bhrasaíl. Faightear an rubar amh, an cúitiúc, ón laitéis lachtach a úscann an crann mar thoradh ar ghortú. Ní thuigtear fós cén fáth go dtáirgeann na crainn an laitéis. Bailítear an laitéis trí shraith gearrthaí bíseacha a dhéanamh leathshlí timpeall na himlíne, rud a scarann ó chéile na féitheacha lachtacha faoin gcoirt is a ligeann don sreabhán rith síos na gearrthaí, le bailiú i gcupáin. Cneasaíonn na gearrthaí go tapa agus is gá iad a athoscailt gach lá nó mar sin, agus tálann na gearrthaí déanacha seo níos mó laitéise ná na bunghearrthaí. Mar mhalairt air sin, is féidir ceimiceáin a úsáid chun bac a chur leis an téachtadh is an rith a fhadú. Tálann crann amháin suas le 280 g laitéise, agus ansin stopann an tál ar fad. Tosaítear an próiseas seo nuair a bhíonn an crann 5-7 bliain d'aois, agus is féidir leis leanúint i rith saol an chrainn, 30 bliain nó mar sin. Téachtar an laitéis bhunata le haigéad, brúitear í, agus uaireanta deataítear í roimh na próisis déantúsaíochta chun earraí a tháirgeadh. Ar dtús bhailítí an laitéis ó chrainn fhiáine Pará sa Bhrasaíl, ach ó timpeall 1900 tugadh isteach iad mar fháschoillte i dtíortha trópaiceacha eile, an Mhalaeisia go príomha, a tháirgeann an chuid is mó den rubar ar Domhan anois. Tá rubair shintéisithe ann, a dhéantar trí pholaiméiriúchán isipréine is bútaidhé-éiní malartaithe, agus úsáidtear níos mó rubair shaorga ná rubar nádúrtha anois. Ceann de na rubair is tábhachtaí in úsáid anois is ea rubar stiréine-bútaidé-éine (SBR), ina bhfuil 75% bútaidé-éine is 25% stiréine.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Rubar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 569.