Roth

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Roth ar thaispeáint in Iarsmalann na hIaráine i dTeheran. Is ón dara aois roimh Críost an roth seo.

Fonsa a chasann ar acastóir is ea roth (roth rothair, roth stiúrtha, roth muilinn). Is minic brí mheafarach leis: rothaí an tsaoil, d'iompaigh an roth air agus mar sin.

[athraigh] Iompar

Tá formhór na gcóracha iompair talún i dtaobh leis ar an roth chun imeacht. Bíonn rothaí faoi rothair, faoi thraenacha, faoi ghluaisteáin agus faoi thrucailí. Bíonn eitleáin i muinín rothaí agus iad ag tuirlingt ar rúidbhealach.

Is é an fáth ar féidir le roth casadh chomh tapa sin nach bhfuil uillinn air.

[athraigh] Muilte

Baineadh leas as rothaí i muilte freisin. Bíonn roth muillinn sna muilte chun cruithneacht, eorna, coirce, arbhar agus gránaigh eile a mheilt le haghaidh plúir. Chuireadh sruth uisce roth muilinn ag gluaiseacht, cé go mbaintear feidhm as aibhléis anois chuige.

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile