Ronald Aylmer Fisher

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staitisteoir is géineolaí a rugadh in East Finchley Shasana ab ea Ronald Aylmer Fisher (1890-1962). Agus é i mbun taighde talmhaíochta, d'fhorbair sé anailís an athraithis chun leathadh sonraí timpeall ar an meanluach a thomhas is a mheasúnú. Tá an anailís seo bunúsach caighdeánach i dtaighde bitheolaíoch, talmhaíochta is míochaine. Scríobh sé The Genetical Theory of Natural Selection (Teoiric Ghéiniteach an Roghnaithe Nádúrtha, 1929), a raibh tionchar suntasach aige ar an ngéinitic éabhlóideach.