Rolls-Royce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Comhlacht suntasach Briotanach a bunaíodh i 1906 le hinnill gluaisteáin, gluaisteáin féin, agus innill eitleáin a dhéanamh. Cheangail sé le comhlacht gluaisteán Bentley i 1931, agus d'fhan neamhspleách go dtí na 1970idí nuair a scar roinn na ngluaisteán ón roinn aeraspáis in dhá chomhlacht. Náisiúnaíodh an comhlacht aeraspáis an t-am sin, ceanglaíodh le comhlacht aeraspáis eile, Vickers, i 1980 é, agus príobháidíodh arís é i 1987 leis an seanainm air fós. Díoladh na cearta san ainm leis an gcomhlacht Gearmánach gluaisteán BMW i 2003. I 1998 cheannaigh an comhlacht Gearmánach Volkswagen an comhlacht gluaisteán nach raibh ach cearta an ainm Bentley aige.