Robert Kirk (béaloideasóir)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRobert Kirk
Beathaisnéis
Breith9 Nollaig 1644
Obar Phuill, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Bealtaine 1692
47 bliana d'aois
Obar Phuill, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Ministir Obar Phuill
1685 – 1692
Ministir Both Chuidir
1664 – 1685 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnPreispitéireachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOilthigh Chill Rìmhinn - diagacht (1661–1664)
Ollscoil Dhún Éideann - diagacht (–1661) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAistriúchán a rinneadh ar an Sean-Tiomna agus fairyology (en) Aistrigh
Gairmministir, aistritheoir, béaloideasóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus Gaeilge na hAlban

Bhí Robert Kirk (9 Nollaig 1644 - 14 Bealtaine 1692) ina mhinistir, ina scoláire Gaelach agus ina bhéaloideasóir. Is fearr aithne air as The Secret Commonwealth, bailiúchán de bhéaloideas a bhailigh sé i 1691-1692 agus a foilsíodh in 1815. Aiste ar fhinscéalta agus béaloideas atá san tráchtas seo, a phléann le sióga, draíocht caillí, taibhsí, fios, aireachtáil eischéadfacha curtha síos ag muintir na Gaeltachta in Albain mar fheiniméan. D'ainmnigh an béaloideasóir Stewart Sanderson agus an miotaseolaí Marina Warner bailiúchán scéalta osnádúrtha Kirk ar cheann de na saothair is tábhachtaí agus is suntasaí ar ábhar na sióg agus an fheasa.[1]

Ag deireadh na 1680idí, thaistil Kirk go Londain chun cuidiú le ceann de na chéad aistriúcháin den Bhíobla go Gaeilge na hAlban a fhoilsiú. Mhaoinigh an t-eolaí uasal Robert Boyle foilsiú an Bhíobla agus rinne sé fiosrúcháin ar thuairiscí Kirk ar an fios.[2] Fuair Kirk bás sula raibh sé in ann The Secret Commonwealth a fhoilsiú. Tháinig finscéalta chun cinn tar éis bhás Kirk ag rá gur tugadh ar shiúl é chuig ríocht na sí as rúin na nDaoine Maithe a nochtadh.[3]

D’fhoilsigh an t-údar Albanach Walter Scott saothar Kirk ar na sióga den chéad uair níos mó ná céad bliain ina dhiaidh sin i 1815.[4] Ina dhiaidh sin thug Andrew Lang an teideal The Secret Commonwealth of Elves, Fauns and Fairies (1893) leabhar ar a raibh móréilimh air. Foilsíodh iliomad eagráin de The Secret Commonwealth ó shin, le hanailís scolártha suntasach le Sanderson, Mario M. Rossi, agus Michael Hunter .

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Kirk in Obar Phuill, Albain, an seachtú mac agus an mac is óige ag James Kirk, ministir ag Obar Phuill, Siorrachd Pheairt. Rinne sé staidéar ar an diagacht i gCill Rímhinn agus fuair sé a Chéim Máistir i nDún Éideann i 1661.[5] Tháinig Kirk chun bheith ina aire ar Bhoth Chuidir i 1664,[6] agus ina dhiaidh sin ar Obar Phuill, ó 1685 go dtí go bhfuair sé bás.[5] Sa bhliain 1670,[7] phós sé a chéad bhean, Isobel Campbel, iníon le Sir Colin Campbel as Mochaster. Bhí mac ag Isobel, Colin, a tháinig chun bheith ina scríbhneoir chuig an Séala.[8] Nuair a d’éag sí an 25 Nollaig 1680, ghearr Kirk amach feartlaoi di lena lámha féin. A dhara bean, Margaret,[9] iníon Campbell of Fordy, bhí a dhara mac aici le Robert, a tháinig chun bheith ina ministir i nDòrnach, Cataibh.[10]

Eaglais Bhoth Chuidir. Bhí Robert ina mhinistir anseo go dtí 1685.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Sanderson 1964, p. 1; Warner 2007, p. viii.
  2. Löffler 2006, p. 207; Goodare 2003, p. 180.
  3. Henderson & Cowan 2001, p. 172-173: "It was thought unwise to speak of one's knowledge of the fairy folk, for revelation of their secrets would incur their displeasure and subsequent infliction of punishment...it was commonly held that those who had been in some way close to fairies would end up in the fairy realm at the termination of their earthly existence...Rev. William M. Taylor...reported that at the time of Kirk's death people believed that he had been taken by the fairies because he had been prying too deeply into their secrets." See also Cheape 2004, p. 19: "Such was his familiarity with the wee folk, it was said in the district, that he was carried off by them the following year and his headstone stands over an empty tomb."
  4. Hunter 2001a, p. 48.
  5. 5.0 5.1 Hunter 2001b, p. 12.
  6. Or possibly as late as 1669. Narváez 1997, pp. 98–99.
  7. Smith (1921) gives the date as 1677. Needs verification.
  8. Smith 1921, p. 240.
  9. Kirk (1976) p. 6
  10. Lang 1893

Tuairiscí[cuir in eagar | athraigh foinse]