Rialú uimhriúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Brainse den ríomheolaíocht a bhaineann le húsáid ríomhairí chun uirlisí meaisín a rialú sa tionscal déantúsaíochta. Baineadh feidhm as ríomhairí analógacha, digiteacha is hibrideacha sa bhfeidhm seo, ach ríomhairí digiteacha is mó ar fad a úsáidtear anois. Comharthaí uimhriúla a láimhseálann na ríomhairí sa bhfeidhm seo.