Riail an traipéisiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa mhatamaitic, modh chun neasluach suimeálaí a dhéanamh amach. Ag glacadh leis an suimeálaí mar an bhfairsinge idir an cuar is an x-ais, roinntear an fhairsing seo i n traipéisiam, gach ceann ar leithead h is fairsinge ½ h (yr + yr+1). Mar sin, is í an fhairsinge iomlán ná ½ h [y0 + (y1 + y2 + y3…) + yn].[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Riail an traipéisiam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 558.