Reamóra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Reamóra a bhfuil an teasc ar a cheann le feiceáil go soiléir
Reamóra ar shiorc

Iasc caol, i bhfine na nEcheneidae agus forleathan i bhfarraigí teo, is ea an reamóra. Teasc mhór súite ar bharr an chinn lena ngreamaíonn sé go daingean le taobh éisc eile, liamhán mar shampla, nó le hainmhí eile mar an míol mór nó an turtar. 45 go 90 cm ar fhad. Túgtar súiteoir siorca air freisin.