Turtar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Turtar
Turtle3m.JPG
Aicmiú eolaíoch
Ríocht: Animalia
Fíleam: Chordata
Aicme: Reptilia
Ord: Testudines
Speiceas: Testudinidae

Sa mhíoleolaíocht, péist den ord CheloniaTestudinata. Toirtís an t-ainm a choimeádtar do na cineálacha a mhaireann ar tír, tiripín do na cineálacha a chónaíonn in uisce úr agus atá inite. Gialla láidre géara gan fiacla acu, an cholainn cumhdaithe i mblaosc de phlátaí cnámhacha, cónasctha le chéile le heasnacha is veirteabraí, faoi bhrat sciath adharcach. Is é an turtar droimleathair mara an ceann is mó, timpeall 400 kg maise. Maireann an turtar mara amuigh sa bhfarraige an chuid is mó den am, gan teacht i dtír ach chun uibheacha a bhreith nó é féin a ghrianú. Itear an turtar glas mara níos mó ná aon cheann eile. Úsáidtear blaosc an turtar frithghobach mara go fairsing.