Raithneach uisce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Raithneach uisciúil a shnámhann go saor. Dúchasach do réigiúin thrópaiceacha is fhothrópaiceacha, ach nádúraíodh go forleathan í i réigiúin níos fuaire ar fud na hEorpa, bíodh is go bhfulaingíonn sí cuid mhaith dochair sa gheimhreadh. An gas cúpla ceintiméadar ar fhad, géagach le froinn fhorluite, cosúil le crotail, clúdaithe le ribí neamhinfhliuchta, scothdhearg sa bhfómhar. Go minic cumhdaíonn sí dromchla an uisce i locha, locháin is díoga.