Radaíocht chúlra mhicreathonnach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tháinig Penzias is Wilson ar an radaíocht chúlrach mhicreathonnach sa saotharlann seo

Tháinig Arno Penzias agus Robert Wilson ar an radaíocht chúlra mhicreathonnach[1] de thaisme ar an 20 Aibreán 1965, agus iad ag obair ar aeróga teileachumarsáide, ag iarraidh siosarnach fothraim a aimsiú.

Eolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is fianaise bhreise den ollphléasc í an radaíocht chúlra mhicreathonnach chosmach (RCMC nó CMBR i mBéarla).[2] Is í an ollphléasc an t-aon samhail a mhíníonn RCMC faoi láthair.

Thomhais an tsatailít COBE an radaíocht seo níos iomláine, agus thaispeáin gur radaíocht dúchoirp í le teocht 2.73 K, gurbh iarmhar iontaisithe na hollphléisce í, agus go raibh mionathruithe sa teocht mar thoradh ar dhifríochtaí i ndlús na luath-chruinne a chuir tús, ar a seal, leis na réaltraí.

Má thaispeánann brathadóirí satailíte gurb ionann an fuinneamh sa radaíocht sin agus an boilsciú i mionsamhail Stephen Hawking,[3] b’fhéidir go dtabharfadh sin bun lena theoiric. Ach admhaítear go bhfuil na tonnta úd ina gcuid de theoiricí eile freisin agus go bhfuil obair le déanamh fós orthu. Déarfadh Hawking féin go bhfuil gá le tuiscint níos cruinne ar an imtharraingt chandamach.[4]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó aimsir Hubble sna 1920idí, bhí a fhios go raibh na réaltraí ag cúlú uainn is ó chéile. Mar sin, ó iarmhairt Doppler, bheadh tonnfhaid na radaíochta a d'astaigh siad is iad níos óige laghdaithe, b'fhéidir síos don raon micreathonnach.

Micreathonnta sa raon aistrithe seo a bhraith Penzias is Wilson. Chruthaigh siad sa bhliain 1965 gur fíorchomhartha a bhí á ghlacadh acu, ag teacht ar domhan ón spás amuigh. Bronnadh an Duais Nobel ar Arno Penzias agus Robert Wilson i 1978.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""radaíocht chúlra mhicreathonnach"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-04-20.
  2. https://www.rewardinglearning.org.uk/common/includes/microsite_doc_link.aspx?docid=25607-3.+"GCSE FIsic 25607-3". Dáta rochtana: 2020.
  3. "A Brief History of Time" (as en) (2020-04-18). Wikipedia. 
  4. gaeilge.org.au. "Nuachtlitir 270". Dáta rochtana: 2020.
  5. Hussey, Matt (2011). "Radaíocht chúlrach mhicreathonnach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 545.