Micreathonnta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tarchuradóirí micreathonnta, Wrights Hill, Wellington, New Zealand

Tonnta leictreamaighnéadacha ar mhinicíocht an-ard. In oigheann micreathonnach úsáidtear na tonnta seo chun bia a threá is a théamh. Is amhlaidh a chritheann na tonnta seo na naisc idir adaimh, agus sa bhfrithchuimilt a tharlaíonn dá bharr sin téitear is réitítear an bia in achar gairid ama.

Fionnadh an feiniméan seo de thaisme nuair a leádh barra seacláide i bpóca léine eolaí a bhí i mbun taighde ar mhicreathonnta. Baintear feidhm as micreathonnta chun comharthaí leictreonacha — teileafóin, raidió, teilifíse is ríomhaire—a tharchur ar feadh líne dírí fada tríd an aer.

I gcontrárthacht le gnáth-thonnta raidió a tharchuirtear chomh leathan agus is féidir thar réimse tíre, déantar léas comhlínithe aontreoch micreathonnta le haerógmhias pharabóileach, agus tarchuirtear an léas seo díreach i dtreo aerógmhias glactha eile.

I gcás comharthaí raidió is teilifíse, úsáidtear ceangal micreathonnach mar seo chun na comharthaí a iompar ón stiúideo go dtí príomhaeróg tarchuir ag ionad ard éigin, nó satailít tarchuir.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Micreathonnta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 455.

Teimpléad:Síol-raidio