Rós Ní Mhaonaigh
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1740 Contae na Mí |
Bás | 1798 57/58 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | cláirseoir |
Uirlis | Cláirseach |
Bhí Rós Ní Mhaonaigh (Béarla: Rose Mooney; 1740 – t.1798) ar dhuine den bheagán ban a bhí ina gcláirseoirí gairmiúla san 18ú haois in Éirinn. Ba í an t-aon bhean amháin í a sheinn ag Féile na gCruitirí i mBéal Feirste sa bhliain 1792.
Is beag eolas atá le fáil ina taobh, ach bhí sí ina cláirseoir taistil ar nós a leithéidí eile, idir fhir agus mhná, in Éirinn ag an am. Dealraíonn sé go raibh sí spleodrach. Bhí searbhónta darbh ainm Máire aici agus bhí siad beirt tugtha don ól. Chuir Rós a cláirseach, a cóta agus a peireacót i ngeall tráth chun íoc as ar ól Máire. Deirtear go bhfuair Rós bás den ól sa bhliain 1798 tar éis chreachadh na stóras nuair a tháinig na Francaigh i dtír i gCill Ala.
Fuair Edward Bunting roinnt ceoil uaithi. Ar na foinn a bhí aici bhí “Fanny Power” agus “Casadh an tSúgáin”.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bunting, Edward (1840). The Ancient Music of Ireland Dublin: Hodges and Smith.
- Yeats, Gráinne (1980). Féile na gCruitirí, Béal Feirste/The Belfast Harpers’ Festival 1972. Gael Linn. ISBN 0-86233-025-4