Réadlann Eorpach an Deiscirt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gníomhaireacht chomhoibrithe ina bhfuil 8 dtír Eorpach, a bunaíodh i 1962 chun réadlann Eorpach a oibriú sa leathsféar theas. Go hard sna hAindéis, sa tSile, a tógadh na teileascóip. Tá teileascóp optúil 3.6 m ar trastomhas (cró) ar La Silla (2,430 m in airde) ag ESO, eagar 4 theileascóp (cró 8.2 m acu) i bhfoirm VLT (teileascóp an-mhór, le cró feidhmeach 16 m) ar Cerro Paranal (2,635 m in airde), agus fáil ar theileascóip eile. Tá an cheanncheathrú i nGarshing, gar do München sa Ghearmáin.