Prós-scríbhneoirí tuaithe (litríocht na Rúise)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gluaiseacht liteartha san Aontas Sóivéadach a bhí i gceist leis na prós-scríbhneoirí tuaithe, (Rúisis: Деревенская проза/Derevenskaya proza - is féidir é a aistriú mar "phrós na mbailte beaga" freisin, agus is é village prose an téarma is coitianta a úsáidtear sa Bhéala) a tháinig chun saoil i ré Nikita Khrushchev agus a bhláthaigh i rith na tréimhse ó na seascaidí go dtí na hochtóidí. Bhí na scríbhneoirí seo ag lochtú shaol na gcalchas agus ag tabhairt urraime do sheanluachanna na Rúise réamhréabhlóidí. Is iad Aleksandr Yashin, Valentin Rasputin, Vasiliy Belov, Fyodor Abramov, Boris Mozhayev agus Vasiliy Shukshin na scríbhneoirí is mó a shamhlaítear le prós na tuaithe, ach is féidir téamaí tipiciúla de chuid na gluaiseachta seo a aithint ag údair eile, cosúil le hAleksandr Solzhenitsyn féin: is é an gearrscéal fada úd Matryonin dvor ("Tigh Mhatryona") an saothar leis is mó a chuireann prós na tuaithe i gcuimhne don léitheoir.

Idéalaítear saol traidisiúnta na tuaithe Rúisí ar bhealach cineál maoithneach i gcuid de shaothar na scríbhneoirí seo, agus de réir mar a bhí an ghluaiseacht ag forbairt léi, chuaigh cuid acu - Valentin Rasputin ach go háirithe, i dtreo an náisiúnachais, an fhrith-Ghiúdachais agus na seineafóibe. Go teoiriciúil, bhí prós-scríbhneoirí na tuaithe ag lochtú an rialtais Shóivéadaigh agus an chórais pholaitiúil, ach ó bhí a gcuid náisiúnachais ag treisiú leis an stát, ní raibh siad thíos leis an gcinsireacht mar a bhí na heasaontóirí eile, iad siúd a raibh suim acu i liobrálachas an Iarthair. Ón taobh eile de, bhí a lán acu ina gceannródaithe ag cosaint an chomhshaoil is an dúlra san Aontas Sóivéadach freisin.