Poznań
| Poznań | |
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Cúige: | Wielkopolska |
| Méara: | Ryszard Grobelny |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 261.85 km² |
| Daonra: | 556,022 (2009) |
| Dlús daonra: | 2,123.4/km² |
| Cód phoist: | 60-001 to 61-890 |
| www.poznan.pl | |
Is cathair í Poznań atá suite ar abhainn Warta in iarthar na Polainne. Tá 556,022 duine ina gcónaí inti agus í mar an cúigiú cathair is mó sa tír. Tá sí ar cheann de na cathracha is sine freisin agus tá sí an-tábhachtach i leith stair stát na Polainne.
Ar feadh na gcéadta bliain roimh theacht na Críostaíochta chun na tíre, ba í Poznań croílár polaitiúil agus cultúrtha na bPolannach. Ba é Mieszko I chéad Rí stairiúil na bPolannach agus bhí ceanncheathrú aige i bPoznań. Baisteadh é sa bhliain 966, agus b'fhéidir gur tharla an baiste i bPoznań chomh maith. I ndiaidh a bhaiste cuireadh tús le tógadh Ardeaglais Poznań (an chéad cheann sa tír). Nuair a fuair na ríthe luatha seo bás cuireadh iad san Ardeaglais (Mieszko I, Boleslaus I, Mieszko II, Casimir I, agus níos déanaí: Rí Przemysł I agus Przemysł II).
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.