Port-au-Prince

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ville de Port-au-Prince
Vil Pòtoprens
Ville de Port-au-Prince
Suíomh

18°32′ Thuaidh 72°20′ Thiar

Rialtas
Tír: Flag of Haiti.svg Háítí
Ceantar: An tIarthar (Ouest)
Déimeagrafaic
Achar: 38.19 km²
Crios ama: EST (UTC-5)

Is é Port-au-Prince (fuaimnithe /ˌpɔrtoʊˈprɪns/; i bhFraincis: [pɔʁopʁɛs]; i gCriól Háítíoch: Pòtoprens) príomhchathair Háítí agus an chathair is mó sa stát Cairibeach Háítí. Thug an daonáireamh sa bhliain 2003 le fios go raibh daonra oifigiúil de 704,776 ag an chomún.[1]

Tá an chathair Port-au-Prince ós comhair Mhurascaill na Gonâve. Coinnigh an cuan ar a luíonn an chathair, a fheidhmíonn mar cuan nádúrtha, gníomhaíocht eacnamaíoch ón seansibhialtacht Arahuaco. Ar dtús, bhí an chathair ionchorpraithe faoi riail choilíneach na Fraince sa bhliain 1749, agus is í an chathair is mó i Háití ó shin. Tá leagan amach na cathrach cosúil le hamfaitéatar; na ceantair tráchtála in aice leis an uisce, agus na comharsanachtaí cónaithe lonnaithe ar na cnoic os a gcionn. Tá sé deacair daonra na háite a mheas mar gheall ar an bhfás tapa a slumaí sna hárda os comhair na cathrach; tugann na meastacháin is déanaí le fios go bhfuil an daonra idir 2.5 agus 3 mhilliún duine.

Rinne an crithtalún a tharla ar an 12 Eanáir 2010 díobháil mhór don chathair, le líon mór damáiste nó scrios déanta ar na struchtúir. Measann oifigigh an rialtais go bhfuil na céadta mílte marbh.[2]

Tagairtí[athraigh | edit source]