Ponc candamach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Poncanna candamacha colóideacha ionradaithe le solas UV. Astaíonn poncanna candamach de mhéideanna éagsúla dathanna éagsúla solais de bharr gaibhnithe chandamaigh .

Is nanaichriostail leathsheoltóra iad poncanna candamacha ( PCacha ), ar a dtugtar cáithníní leathsheoltóra freisin, cúpla nanaiméadar ar mhéid, a bhfuil airíonna optúla agus leictreonacha acu atá difriúil le hairíonna cáithníní níos mó mar thoradh ar éifeachtaí meicniúla candamacha. Is ábhar lárnach iad sa nanaitheicneolaíocht agus san eolaíocht ábhar. Nuair a bhíonn na poncanna candamacha soilsithe ag solas UV, is féidir le leictreon sa phonc candamach a bheith flosctha chuig staid níos airde fuinnimh. I gcás poinc chandamaigh leathsheoltaigh, comhfhreagraíonn an próiseas seo d’aistriú leictreoin ón fhiúsbhanda go dtí an banda seolta. Is féidir leis an leictreon flosctha titim ar ais isteach sa fhiúsbhanda ag scaoileadh a fhuinneamh mar sholas. Tá an t-astúchán solais seo ( fótalonracht ) léirithe san fhíor ar dheis. Braitheann dath an tsolais sin ar an difríocht fuinnimh idir an banda seolta agus an fiúsbhanda, nó ar an trasdul idir an stáit fuinnimh scoite nuair nach bhfuil struchtúr an bhanna sainithe go maith i PCacha a thuilleadh.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]