Poitéinseal teagmhála

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le poitéinseal teagmhála[1]fórsa leictreaghluaisneach a tháirgtear trasna cumair idir dhá mhiotal éagsúla ag an teocht chéanna. Bíonn an fórsa seo díreach i gcomhréir leis an difríocht idir feidhmeanna oibre an dá mhiotal. Is amhlaidh go n-ascnaíonn leictreoin ó mhiotal amháin go dtí an miotal eile, rud a mhéadaíonn an fórsa go mbíonn an deacracht chéanna ag leictreon aistriú ón dá mhiotal. Tarlaíonn an feiniméan céanna i leith dhá miotal chomhionanna ach iad a bheith ag teochtaí difriúla. Baintear feidhm as an bhfeiniméan seo i dteirmeachúplaí.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “poitéinseal teagmhála” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-07.
  2. Hussey, Matt (2011). "Poitéinseal teagmhála". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 529.