Plé úsáideora:The Optimistic One

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Haigh, Optimistic Wikipedian. Tá fáilte romhat chuig an Vicipéid! Go raibh maith agat as do chuid dréachtaí a chur suas anseo. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as do chuid ama anseo! Tá sé éasca ailt nua a chruthú, agus thig leat dul go dtí an Halla Baile chun caint leis na Vicipéideoirí eile (más mian leat é sin a dhéanamh), nó dul go dtí an Lárionad Comhphobail chun breathnú ar na heachtraí Vicipéide is déanaí. Tá breis eolais fóintigh in ár reamhrá, freisin.

Más é do thoil é, sínigh do chuid theachtaireachtaí ar leathanaigh phlé le ceithre thilde a chlóscríobh; ciallaíonn sé sin go hionsáfar d'ainm úsáideora agus an dáta go huathoibríoch. Má tá cabhair ag teastail uait, féach ar Vicipéid:Cabhair, nó cuir ceist ormsa nó ar na heagarthóirí eile ar ár leathanaigh phlé. Beir bua! SeoMac (plé) 23:53, 9 Eanáir 2018 (UTC)[reply]

Aistriúchán uathoibríoch[athraigh foinse]

Go raibh maith agat as na hailt a chur tú suas anseo faoi Aidan Guillen agus John Cena. Má úsáideann tú aistriúchán uathbríoch, tá tú freagrach as an Ghaeilge san alt a ghlanadh suas. Caithfidh an Ghaeilge a bheith réasúnta soléite. Nuair a fhágann duine aistriúchán uathoibríoch lom mar a tháinig sé amach ó chóras aistriúcháin den chineál sin, beidh orainn an t-alt nó cuid mhaith den alt a scriosadh. Is uirlis é ach caithfidh a bheith cúramach leis.

Nod beag duit (agus do dhaoine eile anseo freisin) faoi na tagairtí: Nuair a bhíonn an focal title mar chuid de thagairt, caithfidh é a aistriú go "teideal" an chuid is mó den am.

Is rogha ábhair maith é Aidan Guillen. SeoMac (plé) 00:25, 10 Eanáir 2018 (UTC)[reply]

Go raibh maith agat as na cinnirí suas. Optimistic Wikipedian (plé) 01:46, 10 Eanáir 2018 (UTC)[reply]